
An scéal: Conas a thosaigh Re:Story?
Bunaíodh Re:Story i mí na Nollag 2020. Bhí Fionán Ó Cochláin ag iarraidh táirgeoirí áitiúla a nascadh le custaiméirí áitiúla le linn aimsir Covid. Is é an bunsmaoineamh a bhí ag Fionán ná béim a chur ar an ngné shóisialta den ghnó chomh maith le deis a thabhairt do ghnóthaí beaga agus d'ealaíontóirí áitiúla a gcuid oibre a chur os comhair an phobail. Ní ón talamh a fuair Fionán an fhiontraíocht seo — tá aithne mhaith ag muintir Luimnigh ar a athair, John, atá ag rith an tsiopa "The Edge" le fada an lá. Anois tá an bheirt acu béal dorais dá chéile, agus iad ag iomaíocht go cairdiúil. Tá Fionán tar éis a chroí a chur isteach i Re:Story, scéal Luimnigh á insint aige trí na hearraí lámhdhéanta áitiúla atá sé ag cur ar fáil don phobal.

